Andrea Palladio

Ailtire a rugadh i bPadua na hIodáile ab ea Andrea Palladio nó Andrea di Pietro della Gondola (30 Samhain 1508 – 19 Lúnasa 1580), an t-ailtire is ceannasaí i stair an iarthair. Oileadh ar dtús é mar shaor cloiche. Chaith sé roinnt blianta sa Róimh ag déanamh staidéir is ag líniú na seanfhothrach. Rinne sé a chéad tionscnamh ailtireachta i Vicenza nuair a d'atóg an seanhalla tionóil is margaidh ansin ina fhoirgneamh taibhseach poiblí a dtugtar an Bhaisleac air. Thóg sé tithe móra is paláis baile d'uaisle na cathrach sin, ina measc an Villa Rotonda, an Villa Foscari, an Villa Emo, is an Villa Poiana. Bhain sé úsáid as colúnáidí le colúin chlasaiceacha, áiléir oscailte, cruinneacháin, áirsí, peidiméidí is na hairíonna go léir a chonaic sé i bhfothraigh na Róimhe, ach cumtha go siméadrach maor