Bang Bang (Dubliner)

Duine de na carachtair ab iomráití i mBaile Átha Cliath ba ea Bang Bang nó Thomas Dudley (Tomás Ó Dudlaigh) nó fiú An Tiarna Dudley (1907 - 11 Eanáir 1981). Chuir daoine aithne air sna 1950í agus 1960í agus iad ag taisteal ar bhusanna agus ar thramanna Bhaile Átha Cliath, áit ar lig sé air daoine a lámhachainn, a lámha agus méaracha aige mar ‘ghunna’. Ag an am sin ní raibh doras ar an mbus agus bhí Bang Bang in ann seasamh ar an ardán ar chúl an bhus. Bhíodh sé ag bualadh a chromáin lena lámh chlé, faoi mar a bheadh sé ar chapall. Sa lámh dheas bhíodh an eochair airgid. Ghlaodh sé ‘Bang bang, you’re dead’ amach agus é ag scaoileadh urchair leo, agus as sin a tháinig an t-ainm sin air.