Beothuk

Ba iad na Beothuk (biˈɒθʊk) bundúchasaigh Thalamh an Éisc nuair a tháinig na hEorpaigh sa 15ú haois agus sa 16ú haois. D’imigh siad in éag go hoifigiúil nuair a fuair bean darbh ainm bás sa bhliain 1829. B’fhéidir nach raibh ann ach timpeall 700 duine acu nuair a tháinig na hEorpaigh, agus iad ina gcónaí ina bhfinte a raibh idir tríocha agus caoga duine iontu. Thógaidís botháin choirceogacha agus d’ithidís bradáin, rónta agus carabúnna. Bhí siad an-tugtha d’úsáid an ócair agus chuiridís na mairbh le deasghnátha casta.