Coláiste Iognáid

Scoil iarbhunoideachais i gCathair na Gaillimhe is ea Coláiste Iognáid. Scoil Íosánach ab ea an scoil le fada, ach thug an t-ord sin le fios nach mbeidís i gceannas na scoile i bhfad eile tar éis gur cuireadh deireadh lena bparóiste speisialta i gCathair na Gaillimhe. Tuigtear, ámh, go gcoimeádfar eitic láidir Chaitliceach sa scoil. Scoil do bhuachaillí amháin ab ea í go dtí na hochtóidí, ach ó shin i leith tá sí measctha.