Dan Boyle (politician)

Is polaiteoir Éireannach Corcaíoch de chuid an Chomhaontais Ghlais é Dan Boyle. Rugadh é ar 14 Lúnasa 1962 i Chicago Mheiriceá, do thuistí Éireannacha. D'fhill siad ar Éirinn nuair a bhí sé ina bhuachaill óg ach tá tuin Mheiriceánach áirithe ar a chuid cainte go fóill. Bhí sé ina Theachta Dála i ndáilcheantar Chorcaí Láir Theas ó 2002 go dtí 2007, ach chaill sé a shuíochán san Olltoghchán i mBealtaine 2007. Bhí páirt lárnach aige san idirbheartaíocht idir an Comhaontas Glas agus Fianna Fáil chun comhrialtas a chruthú i Meitheamh 2007. Tar éis don chomhrialtas sin teacht ar an saol, cheap an Taoiseach é féin agus Déirdre De Búrca mar bheirt Sheanadóirí an Chomhaontas Ghlais. Toghadh é mar Leas-Cheannaire an tSeanaid ina dhiaidh sin. Ar 19 Deireadh Fómhair 2007, roghnaigh baill an Chomhaonta