Henry Moore

Dealbhóir a rugadh i gCastleford Shasana ab ea Henry Spencer Moore (1898-1986). Rinne sé figiúirí is grúpaí i stíl leath-theibí, bunaithe ar fhoirmeacha is rithimí orgánacha a fhaightear i radhairc tíre is carraigeacha nádúrtha. Dhírigh sé ar airíonna spásúla na dealbhóireachta, agus chuige seo rinne poill trína chuid figiúirí go minic. Ceann dá shárshaothair is ea The Virgin and Child (An Mhaighdean is an Leanbh, 1943-1944).