Hjortspring boat

Bád mór is ea bád Hjortspring (Danmhairgis: Hjortspringbåden) ón Iarannaois Lochlannach. Rinneadh í timpeall 400-3000 RCh. Nochtadh an chabhail agus iarsmaí eile in 1921-22 i bportach Hjortspring Mose ar oileán Als in Sønderjylland i ndeisceart na Danmhairge.Bád clinse adhmaid í atá breis is 19 méadar ar fad, 13 méadar ar fad istigh agus dhá mhéadar ar leithead. Tá deich dtochta inti agus slí ar gach ceann acu do bheirt, rud a fhágann go mbeadh criú de fiche duine ar a laghad ann agus iad ag úsáid céaslaí. Bheadh meáchan 530 cileagram sa bhád agus b’fhurasta don chriú í a iompar dá bharr.