Joshua Lederberg

Bitheolaí is géineolaí a rugadh i Montclair, New Jersey ab ea Joshua Lederberg (23 Bealtaine 1925 – 2 Feabhra 2008). Rinne sé obair ar ghéineolaíocht bhaictéar, ag léiriú gur modh gnéasach a bhíonn i gceist. Ba thús é seo leis an ngéinitic bhaictéarach. Sa bhliain 1958 in aois a 33 bliana bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis le George Beadle is Edward Lawrie Tatum. Níos déanaí d'fhionn sé an próiseas a thug treoir don innealtóireacht ghéiniteach. Rinne sé taighde freisin ar an intleacht shaorga agus ar an gclár spáis do NASA.