Otto Hahn

Ceimicí is fisicí a rugadh i bhFrankfurt na Gearmáine ab ea Otto Hahn (1879-1968). Le Lise Meitner (1878-1968) d'fhionn sé an dúil radaighníomhach prótaictiniam (Pa) i 1917. Scoilt sé adamh úráiniam le neodróin i 1938 chun bairiam radaighníomhach a chruthú. Thairg Meitner agus a nia Otto Frisch (1904-1979) gur trí eamhnú núicléach in imoibriú slabhrúil a tharla sé seo. Bhí agus tá an feiniméan seo bunúsach don fhuinneamh núicléach agus an buama adamhach. Bhuaigh sé Duais Nobel na Ceimice i 1944 as a shaothar. Creideann cuid mhaith daoine gurbh éagóir é nár roinn Lise Meitner an duais leis.