Patricia McKenna

Bhí Patricia McKenna (ar 13 Márta 1957 a rugadh í ) ar dhuine den bheirt Fheisirí Eorpacha a bhí ag an gComhaontas Glas sa tréimhse 1994-2004. Bhí sí ina hionadaí ar son Bhaile Átha Cliath, ach theip uirthi a suíochán a choinneáil sa bhliain 2004. Sheas sí don Dáil in Olltoghchán 2007 i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir, ach níor éirigh léi a bheith tofa. Chuaigh sí san iomaíocht in éineacht le John Gormley le haghaidh cheannaireacht an Chomhaontais Ghlais in Iúil 2007, tar éis do Trevor Sargent éirí as an bpost sin. Bhí an bua ag John Gormley sa deireadh ach d'éirigh níos fearr le McKenna ná mar a bhíothas ag súil leis, nuair a d'éirigh léi breis is aon trian de vótaí na mball a fháil.