Robert Kane (chemist)

Ceimicí a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea Robert Kane (1809-1890). An chéad duine a thairg an eitil fhréamhaí, atá an-tábhachtach sa cheimic orgánach. Rinne sé amach modh chun alcól meitile a íonghlanadh. Rinne sé an chéad sintéisiú sa cheimic orgánach nuair a d'ullmhaigh an chomhdhúil chiorclach meiseitiléin ón gcomhdhúil líneach aicéatón. D'fhoilsigh sé an tuarascáil cháiliúil The Industrial Resources of Ireland (Acmhainní Tionsclaíochta na hÉireann, 1844), saothar ceannródaíoch chun maoin na tíre a chur chun cinn trí thionsclaíocht is fostaíocht a chothú. Scríobh sé Elements of Chemistry (Uraiceacht na Ceimice, 1840-1841), a raibh cáil is rath idirnáisiúnta air. Ceapadh é i 1845 ina stiúrthóir ar Mhúsaem nua Thionsclaíocht na hÉireann, a ndearnadh Coláiste Ríoga na hEolaíochta de i 18