Biological clock

Meicníocht bhitheolaíoch intreach is bun le pé tréimhsiúlacht nó spleáchas ar am atá in iompar orgánaigh bheo. Tá clog mar seo i ngach bean, ar a dtugtar an timthriall míosta, a rialaíonn ubhsceitheadh. I bplandaí tá cloig a stiúrann dúnadh is oscailt na bpeiteal. Tá cloig i mbeagnach gach gné a stiúrann an mheitibileacht de réir timthriall 24 uair, le lá geal i ndiaidh oíche dorcha, timthriall ar a dtugtar an rithim laethúil. Nuair a thaistealaíonn duine i bhfad i gcéin bíonn deacracht ag a chlog bitheolaíoch intreach teacht leis an am áitiúil, agus bíonn sé ag iarraidh cur ina luí air dul a chodladh nuair atá na daoine ón áit sin ina ndúiseacht ag obair. Má dhéanann sé iarracht gan aird a thabhairt ar a chlog intreach, ní thagann a thál hormón lena chuid oibre, agus éiríonn sé mí-éifeach