Campanula rotundifolia

Ainm coitianta air is ea an cloigín gorm. Planda caol ilbhliantúil le stólain fhéitheacha faoin talamh, dúchasach do na réigiúin mheasartha ó thuaidh. An gas cothrománach ag a bhun, ag éirí ceartingearach. Fásann sé 40 cm ar airde. Na duilleoga íochtaracha croíchruthach fiaclach, ag éirí níos caoile iomláine in airde ar an ngas. Na bláthanna, cloigíní cúigmhaothánacha, timpeall 1.5 cm ar leithead, gorm (ach bán go hannamh), cuid mhaith díobh cromtha ar ghais chaola.