Leo Esaki

Fisiceoir a rugadh in Ósaca na Seapáine is ea Reona Esaki nó Leo Esaki (12 Márta 1925). Agus é ag obair i gcomhlacht Sony i 1957 cheap sé dé-óid Esaki (an dé-óid tolláin), feiste leathsheoltach a úsáideadh go forleathan i ríomhairí leictreonacha is córais mhicreathonnacha. Chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe i 1960 ag obair i gcomhlacht IBM, agus rinne saothar ceannródaíoch ansin ar fheiste a bhí bunaithe ar loig chandamacha is forlaitísí. Roinn sé sa bhliain 1973 le Ivar Giaever is Brian Josephson as an saothar ar fheiniméin tolláin.