Máirtín O'Díreáin

File as Árainn ab ea Máirtín Ó Direáin (26 Samhain 1910 - 19 Márta 1988). "Baineann an Direánach le Tríonóid Naofa na Filíochta; é féin, Ó Ríordáin agus Máire Mhac an tSaoi ba mhó a chuir borradh faoin fhilíocht chomhaimseartha" sa Ghaeilge. Is fada dánta dá chuid ar chúrsaí scoile agus ollscoile, agus is iomaí sin alt agus leabhar atá scríofa ar a chuid dánta. Cé gur mar fhile is fearr aithne ar an Árannach, chleacht sé prós chomh maith i gcaitheamh a shaoil, altanna a bhformhór, a foilsíodh in irisí agus nuachtáin mar An Stoc, Ar Aghaidh, Scéala Éireann, Feasta agus araile.