An Mheán-Bhéarla

B'é an Meán-Bhéarla an cineál Béarla a bhí á shaothrú ó ghabháltas Uilliam Concaire ar Shasana (1066) go dtí an dara leath den chúigiú haois déag, nuair a thosaigh Caighdeán na Seansaireachta, a bhí bunaithe ar Bhéarla Londan, ag dul chun tábhachta. San am céanna, bhí an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach á scríobh in Éirinn. Ní raibh caighdeán an Mheán-Bhéarla leath chomh cruinn le caighdeán na Nua-Ghaeilge Clasaicí, nó bhí a litriú agus a chanúint féin ag gach scríobhaí timpeall na tíre. Is é Geoffrey Chaucer an scríbhneoir Meán-Bhéarla is mó a léitear inniu.