Munster Irish

Is í Gaeilge na Mumhan canúint dheisceartach na Gaeilge. Tá difríochtaí suntasacha idir Gaeilge na Mumhan agus na canúintí eile. Labhraítear canúintí den gcineál seo i gCiarraí (go háirithe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus Ciarraí Theas), i gCúil Aodha, in Oileán Chléire agus i nGaeltacht na Rinne. Bhí an-ról ag Gaeilge na Mumhan i bhforbairt na litríochta nua-aimseartha Gaeilge ós rud é gurb i nGaeilge na Mumhan a scríobh an tAthair Peadar Ua Laoghaire Séadna, an chéad úrscéal riamh dá scríobhadh i nGaeilge, agus gur chuir gníomhaithe agus saineolaí teangan an-spéis inti. Chomh maith leis sin, ba í Gaeilge na Mumhan a bhí mar chanúint ag údair na gclasaiceach Blascaodach: Peig le Peig Sayers, An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain, agus le Muiris Ó Súilleabháin. Is dócha gurb iad Pádraig