Pireadocsaín

B-vitimín (B6) a bhíonn mar phireadocsaín i nglasraí, agus sa bhfoirm phireadocsach is mar phireadocsaimín i mbianna feolmhara. Sa cholainn malartaítear gach foirm den vitimín chuig fosfáit phireadocsach. Feidhmíonn sí seo mar chomheinsím do na heinsímí a bhaineann le hidiriompú is meitibileacht na n-aimínaigéad. Is annamh a bhíonn sí in easnamh, ach baintear feidhm as dáileoga móra B6 mar chóireáil ar chuid mhaith neamhord, cosúil le siondróm réamh-mhíosta is dúlagar éadrom, bíodh is go gceistítear a héifeachtúlacht. Is féidir go bhfuil baint ag ródháileoga thar thréimhse fhada le neamhoird mheabhracha.