Acipenseredoj

Ball de ghrúpa iasc bunúsach a fhaightear in uiscí úra is muirí sa leathsféar thuaidh. An cholainn fadaithe armtha le línte de lanna troma cnámhacha. An ceann barrchaol, sprochaillí fada faoi bhun an bhéil, an t-eireaball neamhshiméadrach leis an maothán uachtarach níos mó ná an ceann íochtarach. 1-5 m ar fhad. Tá iascaireachtaí tábhachtacha trádálacha bunaithe ar chineálacha ar leith. Itear na huibheacha mar chaibheár. Tá baol a ndíofa ann, ar bhonn trádálach ar aon nós, i réigiún Mhuir Chaisp de bharr póitseála is ró-iascaireachta.