William Stokes (physician)

Lia a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea William Stokes (1 Deireadh Fómhair 1804 – 10 Eanáir 1878). Agus é fós ina mhac léinn d'fhoilsigh sé leabhar ar an steiteascóp is a úsáidí, an chéad leabhar Béarla ar an ionstraim nua sin. Lena chomhghleacaí in Ospidéal na Mí, Robert Graves, thug sé isteach cleachtadh stiúrtha i scrúdú praiticiúil is cóireáil na n-othar do mhic léinn míochaine, rud nach ndearnadh roimhe sin. Chuir sé síos don chéad uair ar análú deacair athraitheach a bhíonn ag seandaoine atá dian tinn le galar croí, a dtugtar análú Cheyne-Stokes nó ruaigeanna Stokes-Adams air anois. Scríobh sé dhá théacsleabhar míochaine cháiliúla, Diagnosis and Treatment of Disease of the Chest (Diagnóisiú is Cóireáil Galar Cliabhraigh, 1837) agus Diseases of the Heart and Aorta (Galair an Chroí is