Wood Quay

Is ceantar suite i gContae Bhaile Átha Cliath é an Ché Adhmaid (Wood Quay sa Bhéarla) nó Cé an Admhaid ar uairibh. Aimsíodh ceann de na suímh Lochlannacha is tábhachtaí ar domhan i rith tochailtí a rinneadh ag Cé an Adhmaid sna 1970idí. Thángthas ar bhaile mór a raibh breis is 200 foirgneamh ann, mar aon le céanna agus cuid de bhallaí bunaidh na cathrach. Chomh maith leis sin, fuarthas na mílte déantán, arm, earra criaga agus píosaí miotalóireachta. Chabhraigh fionnachtan na ndéantán sin ar fad le seandálaithe teacht ar thuiscint shoiléir ar an gcineál saoil a chaith na Lochlannaigh i mBaile Átha Cliath sna meánaoiseanna.