Isaac Newton

Fisiceoir agus matamaiticeoir Sasanach ba ea an Ridire Isaac Newton (4 Eanáir, 1643 - 31 Márta, 1727), a rugadh i Woolsthorpe. Duine de na heolaithe is tábhachtaí riamh ar domhan ba ea é. D'fhionn sé na prionsabail is bun le gluaisní réad ar domhan is na reanna spéire. Chuir na dlíthe a nocht sé sa saothar seo bonn faoi dhul chun cinn na fisice is na meicnice go dtí an lá atá anois ann. Mhínigh a chuid dlíthe, ar nós dlíthe na gluaiseachta is dlí na himtharraingthe, fithis na reann timpeall na gréine agus fithis na gealaí timpeall an domhain.