James Clerk Maxwell

Fisicí teoiriciúil a rugadh i nDún Éideann ab ea James Clerk Maxwell (13 Meitheamh 1831 – 5 Samhain 1879). In A Treatise on Electricity and Magnetism (Tráchtas ar Leictreachas is Maighnéadas, 1873), a leabhar cáiliúil ar thonnta leictreamaighnéadacha a raibh sárshaothar déanta ag Faraday orthu, leag sé amach an teoiric is an bunús matamaiticiúil a ghnóthaigh cáil dó mar phríomhfhisicí teoiriciúil an chéid sin. D'aithin sé gur tonn leictreamaighnéadach é solas. Gníomhach freisin i dtaighde ar theas, dathanna agus dathdhaille. Fuair sé bás in Cambridge, i Sasana.