Knot (unit)

Aonad luas loinge, ionann is timpeall 1.93 km san uair. Fadó, dhéanadh mairnéalaigh an luas a thomhas mar seo: Thógaidís giota adhmaid agus ghreamaidís píosa luaidhe leis. Bhíodh rópa agus snaidhm air gach 14.5 méadar. Cheanglaidís an rópa leis an ngiota adhmaid agus ligidís dó titim isteach san uisce. D'fhanadh an giota adhmaid socair ar bharr an uisce, agus ligtí don rópa sileadh amach léi i gcónaí. Tar éis 90 troigh a ligean amach, chastaí cloigín gainimhe 28 soicind bun os cionn. Ansin, le linn don ghaineamh a bheith ag titim, dheántaí na snaidhmeanna a chomhaireamh de réir mar a ghabhadh siad trí lámha an mhairnéalaigh. Ba shin luas na loinge ina mhuirmhílte (knots).